Tithe a oscailt le linn géarchéime
Téimid i gcomhpháirtíocht lenár bpobal chun tithíocht a thairiscint i gcásanna éigeandála, ó thubaistí nádúrtha go COVID-19.
Fuair 100,000 duine áit le fanacht le linn géarchéimeanna ó 2012 i leith.
An dóigh ar tháinig Carmen agus a pobal le chéile i ndiaidh Hairicín Maria.
Tugaimid bealach do phobail teacht le chéile nuair a tharlaíonn tubaistí. Trí chláir Airbnb.org, is féidir le daoine a dtithe a thairiscint saor in aisce do chomharsana ar gá dóibh fágáil.
Bíonn mórán dúshlán os comhair dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn nuair a aistríonn siad go tír nua. Cabhraíonn áit shealadach le fanacht atá saor in aisce leo suaimhneas intinne a bheith acu agus iad ag tosú ar a saol nua.
Faigh amach conas a oibrímid le comhpháirtithe amhail CORE chun tacú le rochtain chothrom ar vacsaíní.
Is féidr go nglacafadh sé na blianta ar phobal teacht chuige féin go hiomlán i ndiaidh tubaiste mhór. Cuidíonn Airbnb.org le tréimhsí fanachta a mhaoiniú d’oibrithe fóirithinte a bhfuil obair ríthábhachtach á déanamh acu chun pobail a atógáil.
Domhan a chruthú atá bunaithe ar mhuintearas: gealltanais Airbnb.org
Inniu, agus leas á bhaint as an méid atá foghlamtha againn thar 8 mbliana agus an taithí atá faighte againn sa tréimhse chéanna, táimid ag fógairt sraith gealltanas i leith na héagsúlachta, an chothromais agus an chuimsithe.
Cuidímid le heagraíochtaí neamhbhrabúis eile tionchar buan a bheith acu.
