Medical stay in Spain

Tearmann do Marcos

Bean agus a mac ina suí in aice lena chéile ar an staighre suas go dtí a n‑áit fanachta Airbnb, agus iad ag déanamh miongháire leis an gceamara.

“Anseo tá tearmann sábháilte agat, teach inar féidir leat a bheith ar do shuaimhneas le do theaghlach, agus is féidir leat na tréimhsí sin a bheith agat ar shiúl ón ospidéal.”

- Marcos, aoi Airbnb.org

Nuair nach raibh Marcos ach 14 bliana d'aois, d'aimsigh dochtúirí sa Spáinn siada 9 gceintiméadar—thart ar mhéid seadóige móire—ina pheilbheas. Diagnóisíodh go raibh sarcóma Ewing air, ailse cnáimhe a ghabhann do pháistí idir 10 agus 20 bliain d'aois den chuid is mó, agus cuireadh saol Marcos trí chéile.Chaith Marcos agus a mháthair, Maria, cuid mhór de na trí bliana ina dhiaidh sin ag taisteal go Maidrid ionas go bhféadfadh Marcos cóireáil agus cúram leighis cuí a fháil. D'éirigh an saol ina fháinne fí de dhochtúirí, ceimiteiripe, cóireálacha raideolaíochta agus tástálacha leighis gan áireamh. Bhí cónaí orthu trí uair an chloig ar shiúl le fear céile agus iníon Maria, in Burgos, rófhada do bhuachaill a bhí ag fulaingt le cineál neamhchoitianta ionsaitheach ailse.“le sarcóma Ewing, fiú mura bhfuil ach fiabhras beag ar an bpáiste, caithfear é a chur san ospidéal, toisc gur galar an-mharfach é,” arsa Maria.Sa chéad bhliain den chóireáil, níor ceadaíodh do Marcos agus Maria filleadh abhaile ach uair amháin do bhreithlá a fir chéile i mí na Bealtaine.

Tá bean ag cur soithí sa mhiasniteoir sa chistin agus a mac ina shuí ar an tolg sa seomra suí.

Pobal a aimsiú i MaidridI Maidrid, na chéad laethanta le linn na cóireála nuair nach raibh siad san ospidéal, rinne Marcos agus Maria caidreamh le teaghlaigh agus le páistí eile a raibh cóireáil á cur orthu trí Theach Ronald McDonald.“Tá sé deas mar go mbíonn tú le daoine a thuigeann duit i ndáiríre,” arsa Maria. “Toisc go bhfuil tú le teaghlaigh atá ag dul tríd an rud céanna leatsa, fiú amháin más ailse dhifriúil atá i gceist.”Dá thábhacht an muintearas sin don mháthair agus don mhac, bhí sé riachtanach ar deireadh, ar mhaithe le meabhairshláinte Marcos, lóistín eile a lorg. Thosaigh siad ag cur tréimhsí fanachta in áirithe ar Airbnb.Ar dtús, d'íocadh Maria astu sin as a póca féin, agus bhí an t‑airgead, a bhí teoranta cheana féin, ag éirí gann—go dtí gur chuir Aladina Fundación i dteagmháil le Airbnb.org í.

Bean ar an tolg agus a mac ag leagan a chinn ar a hucht.

Cineál eile leighis, compord an bhaileTá Airbnb.org i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí amhail Aladina Fundación sa Spáinn chun tithíocht ghearrthéarmach saor in aisce a chur ar fáil do theaghlaigh agus do dhaoine aonair a bhíonn ag taisteal chun cúram leighis a fháil i bhfad ó bhaile.“Cuireann mo mhac neart ionam,” arsa Maria faoina mac. “I ndiaidh a oiread athiompuithe agus na mblianta fada ag streachailt dó, tá mo mhac ina eiseamláir dom.”Is a bhuí le tacaíocht ó dheontóirí Airbnb.org atá áiteanna fanachta mar sin indéanta. Tugann siad faoiseamh do thuismitheoirí mar Maria, agus normáltacht agus compoird d'othair mar Marcos.

Bean agus a mac ina suí ar an tolg agus iad ag gáire.

“Áit le fanacht a bheith agat, áit ina bhfuil tú ar do shuaimhneas, áit inar féidir leat do scíth a ligean agus áit atá an-ghar don ospidéal. Ní beag sin.”

- Maria, aoi Airbnb.org

Thar aon rud eile, is mór ag Marcos an tsíth agus an tsocracht atá aige i dteach trí Airbnb.org.Mar a dúirt sé féin, is é fanacht trí Airbnb.org “an rud is cosúla leis an mbaile”.

Bí páirteach

Bí páirteach i bpobal domhanda daoine a chuireann tithíocht éigeandála ar fáil le linn géarchéime.

Tuilleadh eolais

Tá a scéal féin ag gach fanacht

Cuir aithne ar na daoine atá thíos le tubaistí, agus orthu siúd a chabhraigh leo.