An misean atá againn ná an chumhacht a bhaineann le spás, acmhainní agus tacaíocht a roinnt in am an ghátair a chur chun cinn.
Le breis agus 8 mbliana, chabhraigh Airbnb le daoine le linn géarchéime trí thionscnamh na dTithe Oscailte. Is é Airbnb.org an chéad chaibidil eile. Is eagraíocht neamhbhrabúis 501(c)(3) muid a bhfuil ár misean agus ár mbord stiúrtha féin againn.

Conas a thosaíomar.

2012
Deireadh Fómhair

Tháinig an smaoineamh ó óstach

Bhuail Hairicín Sandy, ceann de na hairicíní ba mheasa síos tríd an stair, Cathair Nua-Eabhrac. Chuaigh Shell, óstach Airbnb in Brooklyn, i dteagmháil le Airbnb agus d’fhiafraigh sí an bhféadfadh sí a háit a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine a raibh orthu aslonnú. D’oibrigh foireann Airbnb ar feadh uaireanta fada chun é seo a chur ar fáil go tapa d'aslonnaithe, agus go luath ina dhiaidh sin d’oscail os cionn 1,000 óstach a dtithe dóibh siúd a bhí i ngátar.

Tá bean le gruaig chatach ina seasamh i gcistin. Tá meangadh gáire uirthi agus tá sí ag caitheamh naprúin le dathanna geala.
Amharc ón aer ar thithe a ndearnadh damáiste dóibh i ndiaidh Hairicín Sandy
2013
Meitheamh

Le Airbnb is féidir le níos mó óstach lámh chuidithe a thabhairt

Sheol Airbnb uirlis freagartha do thubaistí a ligeann d'Óstaigh ar fud an domhain a dtithe a chur ar fáil saor in aisce le linn tubaistí.

2015
Aibreán – Bealtaine

Osclaíonn óstaigh ar fud an domhain a ndoirse d’oibrithe fóirithinte

Gníomhaíonn Airbnb mar gheall ar chrith talún Neipeal agus cuireann óstaigh fáilte roimh a gcéad ghrúpa oibrithe fóirithinte, le hoibrithe deonacha ó All Hands and Hearts.

Bealtaine – Meán Fómhair

Oibríonn Airbnb le heagraíochtaí neamhbhrabúis chun tuiscint a fháil ar an mbealach le cabhair a chur ar fáil

Cruthaítear comhpháirtíochtaí leis an nGníomhaireacht Bhainistíochta Fheidearálach Éigeandála (FEMA) chun cabhrú le hacmhainní ullmhachta éigeandála a dháileadh ar óstaigh agus aíonna. Tosaíonn Airbnb ag obair le Mercy Corps agus leis an gCoiste Tarrthála Idirnáisiúnta sa Ghréig agus sna Balcáin, chun tithíocht a chur ar fáil d’oibrithe fóirithinte ar línte tosaigh ghéarchéim dhídeanaithe na Siria.

Tosaíonn Airbnb ag cur deontais tithíochta ar fáil freisin do bhreis agus 15 eagraíocht a bhfuil tithíocht de dhíth orthu dá gcliaint nó dá bhfoireann, lena n-áirítear Service Year Alliance, Make-a-Wish, agus Summer Search.

2016
Meitheamh

Tugann an pobal óstach freagairt ar an lámhach gunnaí i gclub oíche Pulse

Mar gheall ar iarratas ón rialtas áitiúil, tháinig Airbnb, Uber, agus JetBlue le chéile chun tithíocht, eitiltí agus iompar ar an talamh a sholáthar do theaghlaigh a bhí ag teacht le haghaidh sochraidí nó a bhí ag tabhairt cuairt ar ghaolta leo san ospidéal. Ba é seo an chéad uair a thairg an pobal óstach óstáil a dhéanamh ar dhaoine a ndeachaigh oll-lámhach gunnaí i bhfeidhm orthu.

Meán Fómhair

Seolann an Teach Bán Treoir chun Gnímh le haghaidh Rannpháirtíocht na hEarnála Príobháidí i dtaca le Géarchéim Dhomhanda na nDídeanaithe. Freagraíonn Airbnb. Bhí comhbhunaitheoir Airbnb, Joe Gebbia, ar dhuine de 20 feidhmeannach ar thug an tUachtarán Obama cuireadh dóibh gealltanais a thabhairt do ghéarchéim na ndídeanaithe.

Samhain

Bhí Airbnb i gcomhpháirtíocht le Make-a-Wish chun titíocht a chur ar fáil do theaghlach 'wish' amháin in aghaidh an lae in 2017.

2017
Eanáir

Tugann Airbnb tiomantas don Choiste Tarrthála Idirnáisiúnta

Mar fhreagairt ar ordú forghníomhaithe na Stát Aontaithe a stopann dídeanaithe ag teacht isteach agus ag cur bac sealadach ar dhaoine ó sheacht dtír, ina bhfuil formhór an daonra ina Moslamaigh, ag teacht isteach chuig na Stáit Aontaithe, tugann Airbnb gealltanas tithíocht a thabhairt dóibh siúd a ndeachaigh an bac i bhfeidhm orthu. Mar fhreagra air sin, geallann Airbnb $4 mhilliún a thabhairt don Choiste Tarrthála Idirnáisiúnta thar 4 bliana chun tacú le riachtanais tithíochta daoine atá díláithrithe.

Meitheamh

Seolann Airbnb Tithe Oscailte go hoifigiúil

Ar Lá Domhanda na nDídeanaithe, d'fhógair Airbnb go ndéanfaidh sé a chuid iarrachtaí tithíochta le Tithe Oscailte a neartú. Leis an gclár cuireadh ar chumas an phobail óstach a dtithe a chur ar fáil saor in aisce do dhaoine a ndeachaigh tubaistí i gcion orthu nó do dhaoine a bhí ag teitheadh ó choimhlint.

Lúnasa – Meán Fómhair

Chuidigh an pobal le breis agus 20,000 duine go dtí seo

Freagraíonn pobal na dTithe Oscailte do 4 thubaiste ag an am céanna. Is í Hairicín Harvey an gníomhachtú is mó sa phobal óstach. In aon mhí amháin, chabhraigh óstaigh le breis agus 2,000 duine a bhí aslonnaithe ar fud 3 stát. Ag an am céanna, d’oscail óstaigh a dtithe dóibh siúd a ndeachaigh Hairicín Irma, Hairicín Maria, agus crith talún Chathair Mheicsiceo i gcion orthu.

2018
Meán Fómhair

Fógraíonn Airbnb tionscnamh le haghaidh tréimhsí fanachta leighis

Ag Cruinniú Mullaigh Ailse Biden, fógraíonn Airbnb tionscnamh tréimhsí fanachta leighis i gcomhpháirtíocht le Hospitality Homes, Fisher House, agus Make-A-Wish. Tríd sin, chuirfeadh pobal na dTithe Oscailte áiteanna le fanacht ar fáil saor in aisce dóibh siúd a thaistealaíonn achair fhada le haghaidh cóir leighis.

Samhain

Freagraíonn óstaigh do dhá thine fhiáine ar leith in California

I ndiaidh na dTinte in Camp agus in Woolsey in California, d’oscail níos mó ná 2,500 óstach a ndoirse, agus fuair os cionn 2,300 duine áit le fanacht.

2019
Bealtaine

Cruthaíonn Airbnb bealach d'óstaigh le tabhartais a thabhairt chun tacú le Tithe Oscailte

Theastaigh ó óstaigh go mbeadh níos mó bealaí acu chun páirt a ghlacadh i dTithe Oscailte. Mar fhreagra air sin, d'fhógair Airbnb ardán tabhartas trínar féidir le hóstaigh céatadán dá dtuilleamh a thabhairt do chomhpháirtithe neamhbhrabúis na dTithe Oscailte chun cabhrú le tréimhsí fanachta a mhaoiniú dóibh siúd a dteastaíonn siad uathu.

2020
Eanáir

Soláthraíonn na hóstaigh foscadh do níos mó ná 1,000 duine a ndeachaigh tinte coille na hAstráile in New South Wales agus in Victoria i gcion orthu. Is é seo an gníomhachtú idirnáisiúnta is mó maidir le Tithe Oscailte go dtí seo.

Márta

Freagraíonn an pobal óstach do phaindéim COVID-19

D'fhógair Airbnb bealach d’óstaigh chun tithíocht a chur ar fáil d’oibrithe cúraim sláinte agus do chéad fhreagróirí ar línte tosaigh na paindéime.

Aibreán

Tá a ardán tabhartas á leathnú ag Airbnb, ionas gur féidir le duine ar bith tabhartas a thabhairt d'eagraíochtaí neamhbhrabúis a chuidíonn le hoibrithe ar an líne thosaigh le háit le fanacht a fháil.

Nollaig

Fógraíonn Airbnb Airbnb.org

Bhunaigh Airbnb Airbnb.org, agus ceiliúrann sé an obair fhiúntach ar fad a dhéanann óstaigh agus comhpháirtithe trí Thithe Oscailte. Mar eagraíocht neamhbhrabúis neamhspleách, díreoidh Airbnb.org ar chabhair a thabhairt do dhaoine le tithíocht agus acmhainní a roinnt lena chéile le linn géarchéime.

2021
Aibreán

Tá an éagsúlacht, an cothromas agus an cuimsiú ríthábhachtach

Chun cabhrú le domhan atá bunaithe ar an muintearas a chruthú, fógraíonn Airbnb.org go poiblí sraith gealltanas lena mbainfear tionchar amach don éagsúlacht, don chothromas agus don chuimsiú.

Lúnasa

Cuireann Airbnb.org fáilte mhór roimh dhídeanaithe as an Afganastáin

Geallann Airbnb.org tithíocht shealadach a sholáthar do 20,000 dídeanaí as an Afganastáin ar fud an domhain. Tagann maoiniú ó dheontóirí móra chomh maith le Airbnb. Comhoibríonn Airbnb.org go dlúth le gníomhaireachtaí athlonnaithe agus le comhpháirtithe chun freagairt ar an gcás atá ag athrú go tapa.

Nollaig

Sroicheann Airbnb.org garsprioc mhór maidir le tithíocht a chur ar fáil do 100,000 aoi

In 2017, rinne an fhoireann a ndéanfaí Airbnb.org de sprioc dhána maidir le tithíocht ghearrthéarmach a sholáthar do 100,000 aoi le linn géarchéime. Faoi Nollaig na bliana 2021, bhí an sprioc sáraithe ag Airbnb.org.

2022
Feabhra

Tugtar tithíocht shealadach saor in aisce do 20,000 dídeanaí as an Afganastáin

Sé mhí i ndiaidh dó a ghealltanas tithíocht shealadach saor in aisce a thairiscint do dhaoine nuathagtha as an Afganastáin a fhógairt, bhain Airbnb.org a sprioc amach maidir le háit fanachta a chur ar fáil do 20,000 dídeanaí. A bhuí le flaithiúlacht na nÓstach a ghníomhaigh lena dtithe a roinnt saor in aisce nó ar ráta lascainithe, bhí Airbnb.org ábalta tithíocht a chur ar fáil do 1,300 duine eile nuathagtha as an Afganastáin.
Meán Fómhair

Chuidigh Airbnb.org le 100,000 duine atá ag teitheadh ón Úcráin áit le fanacht a fháil

Tar éis don Rúis ionradh a dhéanamh ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, theith breis agus 6 mhilliún duine ón tír. An mhí sin, gheall Airbnb.org tithíocht shealadach a aimsiú do 100,000 duine acu, agus bhí breis agus 40 eagraíocht ag gníomhú linn. A bhuí leis an rabharta domhanda tacaíochta ó Óstaigh agus ó dheontóirí, bhain Airbnb.org a sprioc amach laistigh de shé mhí agus tá sé tiomanta i gcónaí áiteanna fanachta a aimsiú do dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.
Fear a bhfuil muga caife ina ghlac agus léine ghorm air ina sheasamh ar a bhalcóin ag féachaint ar bhun na spéire.
Fear a bhfuil léine ghorm air ar a ghogaide in aice le rothar, agus é ag oscailt glas U-chruthach.
2023
Feabhra

Freagairt Airbnb.org do chreathanna talún sa Tuirc agus sa tSiria

Tar éis dhá chrith talún ar mhéid 7+ sa Tuirc agus sa tSiria, nasc Airbnb.org breis agus 1,600 marthanóir le háiteanna le fanacht saor in aisce. Ina measc siúd bhí oibrithe fóirithinte agus céad fhreagróirí a chaill a dtithe féin, agus dídeanaithe ón tSiria a bhí lonnaithe i ndeisceart na Tuirce tar éis dóibh teitheadh ón gcogaíocht ina dtír féin.
Tá beirt ina suí ar tholg, iad claonta i dtreo a chéile. Tagann solas na gréine isteach trí chuirtíní éadroma taobh thiar díobh.
Tá fear, bean agus páiste ag léamh le chéile ar tholg. Tá an páiste ag ithe glasra oráiste agus ag féachaint suas ar an mbean.
Meitheamh

Tionscnamh Urraíochta nua fógartha ag Airbnb.org

Bunaíonn Airbnb.org Tionscnamh Urraíochta $2 mhilliún USD chun tacú le dídeanaithe agus le hiarrthóirí tearmainn atá ag athlonnú sna Stáit Aontaithe.
Lúnasa

Fuair breis agus 1,800 duine a ndeachaigh tinte Maui i gcion orthu áiteanna fanachta éigeandála

Tar éis d'fhalscaithe Lahaina agus codanna de réigiún Upcountry in Maui a scriosadh, chomhoibrigh Airbnb.org le heagraíochtaí iontaofa agus le Roinn Seirbhísí Daonna Stát Haváí chun breis agus 1,800 duine a nascadh le háiteanna fanachta éigeandála saor in aisce.
Daoine i gciorcal, greim láimhe acu ar a chéile agus iad ina seasamh ar thrá os comhair an uisce.
Déanann bean a bhfuil miongháire uirthi damhsa húla faoi shreangán soilse. Tá teaghlach ina suí ag bord picnice taobh thiar di agus iad ag ithe dinnéir.

Seo agat ár mbord.

Jennifer Bond

‘Tá an chumhacht a bhaineann le daoine a nascadh agus fáilte a chur roimh strainséirí cruthaithe ag Airbnb. Tá sé mar aidhm ag Airbnb.org an chumhacht sin a úsáid chun saol daoine a bhunathrú agus chun ár ndomhan a athrú. Is pribhléid é bheith mar chuid den turas sin.'

Joe Gebbia

'Táim spreagtha ag rud a thosaigh le teachtaireacht ó óstach, agus a d'fhorbair ina ghluaiseacht de 100,000 duine ag cur a dtithe ar fáil dá bpobal. Le linn na géarchéime seo, tá an obair seo níos tábhachtaí ná riamh.'

Sharyanne McSwain

'Tá tithíocht ar cheann de na riachtanais dhaonna is bunúsaí agus trína gclár cuireann foireann Airbnb.org tithíocht ar fáil sna hamanna is mó a mbíonn gá léi.'

Catherine Powell

‘Ag obair go dlúth lena chomhpháirtithe agus lena Óstaigh, tá méadú mór tagtha ar thionchar Airbnb.org agus tá cuid de na freagraí is mó a bhí aige go dtí seo curtha i gcrích aige. Is mór an onóir dom mo rannpháirtíocht le Airbnb.org mar Bhall Boird a dhoimhniú.’

Rich Serino

‘Chonaic mé féin an gá atá le tithíocht ghearrthéarmach i ndiaidh tubaiste nó géarchéime, agus leanfaidh Airbnb.org air ag sábháil beathaí agus ag athrú saolta trí thithíocht ghearrthéarmach a chur ar fail.'

Melissa Thomas-Hunt

'Ar cheann de na gníomhartha is cineálta agus is truachroíche is féidir le duine a dhéanamh tá tithíocht a chur ar fáil nuair atá daoine faoi bhrú. Tá an-áthas orm bheith mar chuid d’iarracht atá chomh substaintiúil sin agus a chuireann cor i saol daoine. '

Jocelyn Wyatt

'Bhí mé ag súil go mór le dul ar Bhord Airbnb.org mar gheall go gcreidim gur féidir linn tionchar suntasach a bheith againn trí thithíocht agus acmhainní a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar.'

Conas a oibrímid.

Ag dul i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhbhrabúis

Tugann Airbnb.org deontais d'eagraíochtaí neamhbhrabúis a nascann daoine le tithíocht shealadach, acmhainní, agus tacaíocht speisialaithe in am an ghátair. Cuirimid rochtain ar fáil freisin ar thithíocht lascainithe agus tithíocht saor in aisce a chuireann pobal óstach Airbnb ar fáil.

Ag infheistiú sa chothromas

Creidimid gur cheart dúinn ár gcumhacht agus ár n-acmhainní a úsáid chun cur le domhan níos cothroime. Infheistíonn Airbnb.org in eagraíochtaí ag a bhfuil straitéisí agus cláir atá ailínithe lenár dtiomantas chun cothromas a chur chun cinn i bpobail.

Ár dtionchar a thuiscint

Tá sé mar aidhm againn tionchar ár gcláir mhaoinithe agus thithíochta a mhapáil ar fholláine shíceasóisialta a fheabhsú, ualach airgeadais a mhaolú, agus pobal agus muintearas d’aíonna a neartú.

Comhpháirtíochtaí agus deontais

Níl Airbnb.org ag glacadh le hiarratais ar mhaoiniú faoi láthair. Roinnfimid eolas faoinár dtimthriall deontas atá le teacht le heagraíochtaí neamhbhrabúis incháilithe go díreach.

Conas a oibrímid le Airbnb, Inc.

Is eagraíocht neamhspleách neamhbhrabúis 501(c)(3) a fhaigheann tacaíocht ón bpobal é Airbnb.org. Úsáideann Airbnb.org teicneolaíocht, seirbhísí agus acmhainní eile Airbnb, Inc. gan aon chostas chun cuspóir carthanachta Airbnb.org a chur i gcrích. Is eintiteas neamhspleách ar leith é Airbnb.org ó Airbnb, Inc. Ní ghearrann Airbnb, Inc. táillí seirbhíse ar a ardán i leith áiteanna fanachta a fhaigheann tacaíocht ó Airbnb.org .

Chruthaigh Airbnb an clár Tithe Oscailte, agus spreag flaithiúlacht óstaigh Airbnb é, mar bhealach chun cabhrú le daoine i ngátar lóistín sealadach a fháil. Tá an clár Tithe Oscailte á aistriú faoi láthair go Airbnb.org, agus déanfaidh Airbnb.org forbairt ar iarrachtaí an chláir, i gcomhréir le cuspóir agus misean carthanachta Airbnb.org.